An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Tá an beartas imirce agus tearmainn ríthábhachtach do shlándáil inmheánach an Aontais, do bhainistiú teorainneacha, d’fhás eacnamaíoch, agus d’urraim don dlí idirnáisiúnta agus do chearta an duine.
Le cur chuige an Aontais maidir leis an imirce a bhainistiú agus comhchóras tearmainn a bhunú ar leibhéal an Aontais, dírítear ar cheithre phríomhréimse, is iad sin:
- Feabhas a chur ar an tslándáil ag na teorainneacha seachtracha, trí scagadh níos láidre a dhéanamh, trí bhunachar sonraí cuimsitheach uile-Aontais chun gach duine a thagann isteach san Aontas a shainaithint, agus trí nós imeachta teorann éigeantach.
- Nósanna imeachta tapa éifeachtúla, le comhchaighdeáin de chuid an Aontais maidir le cosaint idirnáisiúnta tearmainn agus mí-úsáid an chórais a chosc.
- Córas éifeachtach dlúthpháirtíochta agus freagrachta, córas nach bhfágtar aon Bhallstát den Aontas leis féin agus faoi bhrú, agus rialacha soiléire ann ionas nach mbeidh imircigh ag bogadh go neamhrialta ó thír amháin go tír eile.
- Comhpháirtíochtaí saincheaptha frithsmuigleála a fhorbairt le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus an imirce dhleathach agus earcaíocht a éascú trí ardán uile-Aontais.
Fíricí faoin imirce agus faoin tearmann san Aontas
Réimsí gníomhaíochta
Rialacha chun an imirce agus an tearmann a bhainistiú san Aontas
Comhchóras an Aontais maidir leis an tearmann
Athlonnú, earcaíocht, staidéar agus taighde a éascú, chomh maith le hathaontú teaghlaigh
Rannpháirtíocht iomlán daoine nach saoránaigh den Aontas iad a chur chun cinn i sochaí agus i ngeilleagar an Aontais
Gníomhaíochtaí chun stop a chur leis an smuigleáil agus chun an imirce neamhrialta a laghdú
Gníomhaíochtaí an Aontais chun tacú leis na Ballstáit agus le comhpháirtithe maidir leis an imirce
Na príomhéachtaí
- Leis an gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann, tá rialú ar a theorainneacha seachtracha á dhaingniú ar bhealach níos fearr ag an Aontas. Táimid ag déanamh nósanna imeachta tearmainn, teorann agus fillte níos tapúla agus níos éifeachtaí agus ag cur i bhfeidhm teorainneacha ama níos déine agus rialacha níos déine chun iarratais mhíchuí nó iarratais a thagann astu sin a theorannú, ach na ráthaíochtaí is gá do dhaoine aonair á gcoinneáil ar bun againn.
- Tacóidh na Ballstáit le chéile trí úsáid a bhaint as sásra dlúthpháirtíochta atá solúbtha ach buan. Beidh an rogha ag gach ceann acu an cineál dlúthpháirtíochta is mian leo a roghnú. Is fearr anois atá an tAontas in ann an imirce a bhainistiú.
- Tá roinnt cosaintí sa Chomhshocrú chun a chinntiú go n-urramófar cearta bunúsacha na n-imirceach. Ina measc sin tá nósanna imeachta coiteanna tearmainn agus scagtha, seiceálacha ar dhaoine leochaileacha, agus faireachán neamhspleách. Tugtar aird ar leith orthu siúd is mó atá i mbaol, go háirithe teaghlaigh a bhfuil leanaí acu.
- Tá go leor comhpháirtíochtaí domhanda tugtha i gcrích lena gcumhdaítear saincheisteanna amhail comhar eacnamaíoch, malartuithe cultúrtha, bainistiú níos fearr ar imirce, agus slándáil.
- Is é Linn Tallainne an Aontais Eorpaigh an chéad ardán chun earcaíocht idirnáisiúnta a éascú, agus cuireann sé deiseanna ar fáil do chuardaitheoirí poist nach den Aontas iad ar gach leibhéal scileanna i ngairmeacha ina bhfuil ganntanas oibrithe ar fud an Aontais. Ag an am céanna, tacaíonn sé le fostóirí an Aontais agus cothaítear forbairt caipitil dhaonna i dtíortha comhpháirtíochta leis freisin.
Sa spotsolas
Ón 12 Meitheamh 2026 tá feidhm ag an gComhshocrú maidir le hImirce agus Tearmann i mBallstáit uile an Aontais. Is é is aidhm don chreat cuimsitheach sin cosaint theorainneacha seachtracha an Aontais a neartú. Leagtar amach ann nósanna imeachta coiteanna chun imircigh neamhrialta a scagadh agus a chlárú, le nósanna imeachta tearmainn agus fillte níos tapúla, rialacha soiléire maidir le freagracht as iarratais ar thearmann, agus sásra dlúthpháirtíochta chun tacú leis na Ballstáit den Aontas a bhfuil brú imirce orthu.
Nuashonraíodh an leathanach seo den uair dheireanach an 1 Iúil 2026