An méid a dhéanann an tAontas Eorpach
Tá beartas iomaíochta an Aontais ceaptha chun leasanna thomhaltóirí agus ghnólachtaí na hEorpa a chosaint. I margadh iomaíoch, oibríonn gach cuideachta go dian chun na táirgí agus na praghsanna is fearr a thairiscint, agus chun cáilíocht agus rogha araon a fheabhsú. Ach nuair nach bhfuil na margaí iomaíoch, d’fhéadfadh níos lú roghanna, cáilíocht níos ísle agus praghsanna níos airde a bheith mar thoradh air. D’fhéadfadh caillteanais post, tuarastail níos ísle agus níos mó neamhionannais a bheith mar thoradh air fiú.
Sin an fáth a ndéanann an Coimisiún Eorpach an iomaíocht a choimirciú, trí fhaireachán a dhéanamh ar an méid seo a leanas:
- comhaontuithe i measc cuideachtaí a chuireann srian ar an iomaíocht, cosúil le cairtéil
- mí-úsáid ceannasachta, i gcás ina ndéanann mórchuideachta iarracht iomaitheoirí a bhrú amach as an margadh
- cumaisc, nuair a thagann cuideachtaí le chéile, go buan nó go sealadach
- státchabhair, nuair a thugann rialtais náisiúnta tacaíocht i bhfoirm ar bith do chuideachtaí áirithe
- fóirdheontais ó rialtais lasmuigh den Aontas do chuideachtaí atá gníomhach san Aontas
- ardáin dhigiteacha mhóra (‘geatóirí’ mar a thugtar orthu) a fhéadfaidh a gcumhacht mhargaidh a úsáid ar bhealach a dhéanann dochar don iomaíocht
Fíricí faoin mbeartas iomaíochta
Foinse: Sracfhéachaint ar 2024
Réimsí gníomhaíochta
Rialacha lena dtoirmisctear mí-úsáid cumhachta margaidh agus comhaontuithe i measc cuideachtaí a chuirfeadh srian ar an iomaíocht
Rialacha an Aontais lena rialaítear cumaisc ghnó
Rialacha an Aontais maidir le státchabhair
Aghaidh a thabhairt ar shaobhadh arb iad fóirdheontais eachtracha is cúis leis do chuideachtaí atá gníomhach san Aontas
Margaí digiteacha a choinneáil cothrom oscailte
Foghlaim faoin gcaoi a gcabhraíonn beartas iomaíochta an Aontais le geilleagar níos glaine agus níos cothroime a chur chun cinn
Na príomhéachtaí
- Cuidíonn rialacha iomaíochta an Aontais le praghsanna a choinneáil íseal agus cáilíocht táirgí a choinneáil ard, rud a théann chun tairbhe do thomhaltóirí agus gnólachtaí araon. Cuidíonn sé sin go háirithe le teaghlaigh ar ioncam íseal, arb iad is mó a ndéantar difear dóibh nuair a thagann ardú ar phraghsanna.
- Cuireann sé dlús freisin leis an nuálaíocht, de réir mar a chuireann margaí iomaíocha brú ar chuideachtaí feabhsú agus nuáil a dhéanamh, rud a fhágann go mbíonn táirgí agus seirbhísí níos fearr ar fáil do níos mó daoine, ní hamháin do dhaoine saibhre, ach do chách.
- Le rialacha iomaíochta an Aontais, cruthaítear cothrom iomaíochta, rud a chinntíonn gur féidir le gach gnólacht dul san iomaíocht go cothrom, gan beann ar a méid. Tacaíonn sé sin le spriocanna níos leithne, cuir i gcás comhionannas ioncaim, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, nó rochtain ar sheirbhísí bunriachtanacha amhail tithíocht shóisialta. Go bunúsach, cuireann rialacha iomaíochta cothroime chun cinn trí mhargaí a chur ag obair do chách, ní hamháin do na gníomhaithe is láidre.
- Trí thionscnaimh amhail Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEInna), cuireann beartas iomaíochta an Aontais borradh faoin infheistíocht in earnálacha straitéiseacha, rud a thacaíonn leis an nuálaíocht, leis an teicneolaíocht ghlas agus leis an mbonneagar digiteach. Trí rialacha soiléire a leagan síos agus a fhorfheidhmiú, cruthaíonn beartas iomaíochta an Aontais dreasachtaí láidre do chuideachtaí infheistíocht agus nuáil a dhéanamh. Ag an am céanna, cuireann sé ar chumas ghnólachtaí an Aontais méadú ó scála ar fud an Mhargaidh Aonair, rud a chuidíonn leo fás i dtimpeallacht chothrom iomaíoch.
- Bíonn tairbhí nithiúla ag baint le gníomhaíochtaí in aghaidh iompraíocht fhrithiomaíoch amhail cairtéil nó in aghaidh cumasc a d’fhéadfadh an iomaíocht a shaobhadh.
- Bunaithe ar mhodheolaíocht a d’fhorbair an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), meastar gur shábháil forfheidhmiú iomaíochta an Aontais idir €12 bhilliún agus €21 bhilliún in aghaidh na bliana ar thomhaltóirí idir 2012 agus 2023.
Sa spotsolas
Leis an Rialachán maidir le Fóirdheontais Eachtracha, tugtar de chumhacht don Choimisiún imscrúdú a dhéanamh ar fhóirdheontais a chuireann rialtais lasmuigh den Aontas ar fáil agus aghaidh a thabhairt orthu, ar fóirdheontais iad a bhfuil an chuma orthu go saobhann siad margadh inmheánach an Aontais. Tugann fóirdheontais eachtracha de sórt sin buntáiste míchuí dá bhfaighteoirí chun cuideachtaí a fháil nó conarthaí soláthair phoiblí a bhuachan san Aontas.
Athbhreithníodh an leathanach seo den uair dheireanach an 22 Bealtaine 2026